1
誓詞 / Mionn — китайською та ірландською мовами

Китайсько-ірландська книга-білінгва

希波克拉底

誓詞

Hipeacraitéas

Mionn

仰赖医神阿波罗、埃斯克雷波斯及天地诺神为证,鄙人敬谨直誓:愿以自身能力及判断力所及,遵守此约。

Mionnaím ar Apalló an Lia, ar Aescaláipias, ar Hygieia, ar Panacea agus ar na déithe agus bandéithe ar fad, agus iad mar fhinnéithe dom, go gcuirfidh mé an mionn seo agus an dintiúr seo i gcrích de réir mo chumais agus mo bhreithiúnais:

凡授我艺者,敬之如父母,作为终身同业伴侣,彼有急需,我接济之。视彼儿女,犹我兄弟,如欲受业,当免费并无条件传授之。凡我所知,无论口授书传,俱传之吾与吾师之子及发誓遵守此约之生徒,此外不传与他人。

Beidh an t-ardmheas céanna agam ar an té a mhúin an cheird seo dom, mar atá agam ar mo shinsir; beidh sé ina pháirtí agam san ealaín bheatha seo; roinnfidh mé mo chuid airgid leis in am an éigin; mar bhráithre a fheicfidh mé a mhuintir, agus múinfidh mé an cheird seo dóibh más áil leo; roinnfidh mé eolas, béaloideachas agus teagasc eile le mo chlann, le clann mo mhúinteora, agus le daltaí dintiúir atá tar éis mionn an lia a thabhairt, ach ní roinnfidh mé iad le haon duine eile.

我愿尽余之能力与判断力所及,遵守为病家谋利益之信条,并检柬一切堕落和害人行为,

Cuirfidh mé cóir leighis ar na heasláin de réir mo chumais agus mo bhreithiúnais, ach ní chuirfidh mé riamh é chun gortú nó olc a bhaint amach.

我不得将危害药品给予他人,并不作该项之指导,虽有人请求亦必不与之。尤不为妇人施堕胎手术。我愿以此纯洁与神圣之精神,终身执行我职务。

Ní thabharfaidh mé nimh do dhuine nuair a iarrfar orm é sin a dhéanamh ná ní mholfaidh mé a leithéid de chúrsa. Ní thabharfaidh mé, mar an gcéanna, peasaire do bhean chun a gin a mhilleadh. Ach coimeádfaidh mé idir mo shaol agus mo cheird go geanasach agus go naofa.

凡患结石者,我不施手术,此则有待于专家为之。

Ní húsáidfidh mé an scian, fiú amháin go deimhin féin ar daoine a bhfuil púróga ag cur orthu, ach géillfidh mé do mháistrí na ceirde sin.

无论至于何处,遇男或女,贵人及奴婢,我之唯一目的,为病家谋幸福,并检点吾身,不作各种害人及恶劣行为,尤不作诱奸之事。

Cibé teach a rachfaidh mé isteach, rachfaidh mé chun cúnamh a thabhairt do na heasláin, agus fanfaidh mé glan ar gach olc agus gach dochar atá beartaithe, go háirithe ar drochbhail a chur ar colainneacha, idir fir agus mhná, idir daoine faoi bhanna agus shaoirsigh.

凡我所见所闻,无论有无业务关系,我认为应守秘密者,我愿保守秘密。

Agus cibé rud a feicfidh mé nó a éistfidh mé i mbun mo ghairme, mar aon le taobh amuigh de mo ghairm fhéin i gcaidreamh le daoine eile, más rud é nach bhfuil sé ceart a spreagadh i bhfad is i gcéin, ní sceithfidh mé riamh é, agus ní nochtfaidh mé an rún beannaithe sin.

尚使我严守上述誓言时,请求神祗让我生命与医术能得无上光荣,我苟违誓,天地鬼神实共亟之。

Má sheasfaidh mé leis an mionn seo anois agus muna rachfaidh mé siar ar mo ghealltanas, go mbaine mé dea-cháil amach go brách agus go deo i measc cách mar gheall ar mo shaolsa agus mo cheirdse; ach má sháróidh mé é agus má tá mionn éithigh tugtha agam, go dtarlaí a mhalairt i mo chás.

Реклама