1
Forógra Phrág / 布拉格宣言百科全书 — на ірландскай і кітайскай мовах

Ірландска-кітайская кніга-білінгва

Forógra Phrág

布拉格宣言百科全书

Táimidne, gluaiseacht dhomhanda Esperanto, ag díriú an fhorógra seo ar gach rialtas, ar gach eagraíocht idirnáisiúnta, agus ar dhaoine dea-thola, dearbhaímid ár n-intinn dhaingean leanúint ag obair ar son na n-aidhmeanna thíosluaite, agus tugaimid cuireadh do gach eagraíocht agus do gach duine bheith linn inár n-iarrachtaí.

我们,世界语促进世界运动的成员,向所有政府,国际组织和有善意的人们致辞。宣布我们对此处设定的目标的坚定承诺;并邀请每个组织和个人加入我们的行列。

Sa bhliain 1887 a láinseáladh Esperanto mar theanga chúnta don chumarsáid idirnáisiúnta. Tar éis di forbairt go mear ina teanga bheo shaibhir bheacht, tá Esperanto le breis is céad bliain ag feidhmiú chun daoine ó theangacha is ó chultúir éagsúla a thabhairt le chéile. Idir an dá linn níor chaill aidhmeanna lucht a labhartha a dtábhacht ná a n-ábharthacht. Tá cúpla teanga náisiúnta in úsáid ar fud an domhain, tá dul chun cinn déanta i dteicnící cumarsáide, tá modhanna nua múinte teangacha tagtha ar an saol. Ach ní dócha go mbainfeadh aon cheann acusan na prionsabail seo a leanas amach, prionsabail atá riachtanach, dar linn, d’ord teanga cóir éifeachtach.

世界语起源于1887年,最初是为国际交流提供辅助语言的项目,并迅速发展成为一种丰富的生活语言,世界语已有超过一个世纪的历史,致力于使人们跨越语言和文化障碍。同时,发言人的目标没有失去重要性或相关性。无论是在世界范围内使用几种本国语言,还是在通信技术方面的进步,或者在新的语言教学方法的发展中,都不可能实现以下原则,而我们认为这对于公正有效地语言秩序至关重要。

1. Daonlathas

1.民主

Córas frithdhaonlathach go bunúsach is ea aon chóras cumarsáide a thugann pribhléidí saoil do dhaoine áirithe, ach a éilíonn na blianta crua-oibre ar dhaoine eile chun leibhéal níos ísle cumais a shroicheadh. Cé nach teanga fhoirfe Esperanto ná aon teanga eile, is fearr i bhfad í don chumarsáid ar bhonn cothrom ar scála domhanda ná aon iomathóir.

一个使某些人享有特权但要求其他人付出多年努力才能获得较低水平的能力的通信系统,从根本上讲是不民主的。尽管像任何一种语言一样,世界语也不是完美的,但它在公平的全球交流领域中远远超过了所有竞争对手。

Dearbhaímid go leanann éagothroime chumarsáide ar gach leibhéal, ina measc ar an leibhéal idirnáisiúnta, an éagothroime teanga. Is gluaiseacht don chumarsáid dhaonlathach sinn.

我们认为,语言不平等意味着包括国际层面在内的所有层面的交流不平等。我们是民主沟通的运动。

2. Oideachas Domhanda

2.跨国教育

Tá gach teanga eitneach ceangailte le cultú(i)r is le náisiú(i)n ar leith. Mar shampla, foghlaimíonn foghlaimeoir an Bhéarla faoi chultúr, faoi thíreolaíocht is faoi pholaitíocht thíortha an Bhéarla, go háirithe na Stáit Aontaithe agus Sasana. Foghlaimíonn foghlaimeoir Esperanto faoi dhomhan gan teorainn, agus mothaíonn sé/sí sa bhaile i ngach tír.

任何民族语言都与某种文化和民族或国家集团联系在一起。例如,学习英语的学生可以了解英语国家(主要是美国和英国)的文化,地理和政治。学习世界语的学生将学习一个无边无际的世界,每个国家都像家一样。

Dearbhaímid go bhfuil oideachas trí aon teanga náisiúnta ceangailte le dearcadh áirithe ar an domhan. Is gluaiseacht don oideachas domhanda sinn.

我们断言,任何民族语言的教育都与特定的世界观联系在一起。我们是一个进行跨国教育的运动。

3. Oideachas Éifeachtach

3.教学效率

Céatadán beag díobhsiúd a dhéanann staidéar ar theanga iasachta a bhaineann máistreacht amach inti. Is féidir máistreacht a fháil ar Esperanto fiú gan mhúinteoir. Thaispeáin staidéir éagsúla fiúntas Esperanto mar ullmhú d’fhoghlaim na dteangacha eile. Moladh Esperanto, leis, mar dhlúthchuid de chúrsaí eolais faoi theangacha eile.

学习外语的人中只有一小部分开始精通它。在一个月的学习中可以完全了解世界语。各种研究已将辅助作用归因于其他语言的研究。有人还建议世界语应作为提高学生语言敏感性的课程的核心要素。

Dearbhaímid gur síor-bhac í deacracht na dteangacha eitneacha do mhóran foghlaimeoirí, a bhainfeadh tairbhe mar sin féin as dara teanga a fhoghlaim. Is gluaiseacht do mhúineadh éifeachtach na dteangacha sinn.

我们认为,民族语言的困难总是会给许多学生带来障碍,但​​他们仍然会从第二语言的知识中受益。我们正在努力进行有效的语言教学。

4. Ilteangachas

4.多种语言

Tá pobal Esperanto ar an mbeagán pobal urlabhra ar scála domhanda gur dátheangaigh nó trítheangaigh a chuid cainteoirí uile. D’fhoghlaim gach ball den phobal teanga iasachta amháin ar a laghad go leibhéal na cumarsáide. Is minic a thugann sé sin eolas ar a lán teangacha, agus grá dóibh, agus leathnú ar réimse spéiseanna go ginearálta.

这 世界语社区 是少数几个成员都毫无例外地使用双语或多语言的全球语言社区之一。社区中的每个成员都接受了以交流程度学习至少一种外语的任务。在很多情况下,这会导致人们对几种语言的了解和喜爱,并且通常会开阔个人视野。

Dearbhaímid gur cheart go mbeadh deis ag cainteoirí gach teanga, forleathan nó neamhfhorleathan, an dara teanga a fhoghlaim go leibhéal ard cumarsáide. Is gluaiseacht chun an deis sin a chur ar fáil sinn.

我们断言,不论大小,所有语言的讲者都应有真正的机会学习高沟通水平的第二语言。我们正在为提供这一机会而运动。

5. Cearta Teanga

5.语言权利

Do chuid mhaith de phobal an domhain, cúis éideimhne nó lom-chos ar bolg teanga is ea roinnt mhíchothrom na cumhachta idir na teangacha. I bpobal Esperanto, buaileann cainteoirí na dteangacha uile, forleathan nó neamhfhorleathan, oifigiúil nó neamhoifigiúil, lena chéile ar bhonn cothrom, trí chomhthoil an chomhghéillte. Caighdeán chun réitigh eile ar mhíchothromaíochtaí is ar choimhlintí teanga a mheas is a fhorbairt a thugann a leithéid de chothromaíocht idir cearta agus freagrachtaí teanga.

语言之间权力的不平等分配是造成世界上很大一部分人口永久性语言不安全或直接进行语言压制的原因。在世界语社区中,由于互惠互助的妥协意愿,无论大小,官方或非官方语言的讲者都以中立的态度见面。语言权利和责任之间的这种平衡为开发和评估针对语言不平等和冲突的其他解决方案提供了先例。

Dearbhaímid gurb iad mórdhifríochtaí cumhachta idir na teangacha a bhaineann an bonn den iliomad ionstraimí idirnáisiúnta a ráthaíonn go bpléifear go cothrom le daoine, gan idirdhealú teanga. Is gluaiseacht do chearta teanga sinn.

我们断言,语言之间权力的巨大差异破坏了许多国际文件中所表达的保证平等待遇而不歧视语言的保证。我们是语言权利运动.

6. Éagsúlacht Theanga

6.语言多样性

Bíonn claonadh ag rialtais náisiúnta mór-éagsúlacht na dteangacha ar fud an domhain a mheas mar bhac ar an gcumarsáid is ar an bhforbairt. Ní hionann is pobal Esperanto, a mheasann an éagsúlacht theanga mar fhoinse bhuan riachtanach saibhris. Dá bhrí sin, tá gach teanga fiúntach inti féin, mar atá gach rud beo, agus is fiú í a chosaint agus tacú léi.

各国政府倾向于将世界语言的多样化视为交流和发展的障碍。但是,对于世界语社区而言,语言多样性是一种持续不断且必不可少的丰富资源。因此,每一种语言,就像每一种生物一样,具有内在的价值,值得保护和支持。

Dearbhaímid gurb ionann is breith bháis d’fhormhór theangacha an domhain aon bheartais chumarsáide is forbartha nár bunaíodh ar mheas ar gach teanga, agus ar thacaíocht di. Is gluaiseacht don éagsúlacht theanga sinn.

我们断言,交流和发展政策,即使不是基于对所有语言的尊重和支持,也谴责了该词的大多数语言的灭绝。我们是语言多样性的运动。

7. Fuascailt an Duine

7.人类解放

Saorann agus daorann gach teanga lucht a labhartha, ag cur cumarsáide lena chéile ar a gcumas, agus ag cur bac ar chumarsáid le daoine eile. Pleanáilte mar mheán cumasáide uilíoch, tá Esperanto mar cheann de na tionscnaimh mhóra a fheidhmíonn d’fhuascailt an duine. Is tionscnamh í a chuireann ar chumas gach duine páirt a ghlacadh sa phobal daonna, le fréamhacha daingne ina f(h)éiniúlacht áitiúil chultúir is teanga, ach gan a bheith teoranta di.

每种语言都会解放并监禁其说话者,赋予他们相互之间交流的能力,同时禁止他们与他人交流。世界语被计划为一种通用的交流工具,是人类解放中功能最大的项目之一,或使每个人都能作为个人参与人类社区的项目,其根植于当地文化和语言特性,而不受限于它。

Dearbhaímid gurb í úsáid eisiach na dteagacha náisiúnta a chuireann bac le saoirsí cumarsáide, friotail agus caidrimh. Is gluaiseacht d’fhuascailt an duine sinn.

我们认为,仅使用民族语言不可避免地会给表达,交流和结社自由带来障碍。我们是人类解放运动。

Prago, jul. 1996

Prago, jul. 1996

Рэклама